Skip to main content

What’s on

Joseph Leighton Band // Córas Trio

Date: 27 January 2025

Venue: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James' Street, Derry, Derry, BT48 7DF

Tá tugtha de mholadh ar an ghiotáraí Joseph Leighton go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí nua snagcheoil is mó a bhfuil gealladh faoi. Athcheapann Córas Trio an t-uathspreagadh as an nua. ___ Guitarist Joseph Leighton has been hailed as one of Ireland's brightest new jazz talents. Córas Trio reinvent the spontaneous.

Joseph Leighton Band
Tá tugtha de mholadh ar an ghiotáraí Joseph Leighton go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí nua snagcheoil is mó a bhfuil gealladh faoi. Thosaigh sé amach mar dhéagóir sárthréitheach ag dul don rac-cheol ina bhaile dúchais, Doire, agus chuir sé spéis sa tsnagcheol agus thosaigh a dhíriú cuid mhór ar a sheinm sin agus a dhéanamh staidéir air. Sna blianta beaga ina dhiaidh sin áiríodh i measc a mhúinteoirí na giotáraithe mór le rá Jesse van Ruller, Mike Walker agus Peter Bernstein, agus fuair sé damhachtana ó Moving On Music, PRSF, agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Thug sé cuairt ar Cheanada chomh maith le freastal ar Cheardlann sa tSnagcheol agus sa Cheol Chruthaitheach de chuid Ionad Banff faoi stiúir Vijay Iyer in 2016.

Tá camchuairteanna déanta ag Joseph mar cheoltóir taca i mórán tíortha sa domhan, lena n-áirítear Vítneam, Singeapór, an Liobáin agus Iamáice (as a dtagann leath dá shinsir). Sheinn Joseph le mórán de na hainmneacha is mó sa tír sa tsnagcheol, lena n-áirítear ceathairéad ina bhfuil an laoch sacsafóin ón Ríocht Aontaithe Julian Siegal. Seo eagrán speisialta dá thríréad ina bhfuil an drumadóir Meiriceánach mór le rá Gene Calderazzo (Pharaoh Sanders, Partisans) agus an t-olldordóir óg a bhfuil éileamh air, Will Sach (Joe Webb, Tom Ollendorff).

___

Guitarist Joseph Leighton has been hailed as one of Ireland's brightest new jazz talents. Starting out as a teenage rock prodigy in his hometown of Derry, he became interested in jazz and began to focus a lot of his playing and studies on that. Over the next few years his teachers would also include guitar icons Jesse van Ruller, Mike Walker and Peter Bernstein, following awards from Moving On Music, PRSF and the Arts Council of Northern Ireland. He also visited Canada to attend the Banff Centre's Workshop in Jazz and Creative Music under the direction of Vijay Iyer in 2016.

Joseph has toured as a sideman to many exciting countries in the world including Vietnam,Singapore,Lebanon and Jamaica (where half of his ancestry belongs to). Joseph has performed with many of the biggest names nationally in Jazz including a quartet featuring UK Saxophone legend, Julian Siegal. This is a special edition of his trio featuring legendary American drummer Gene Calderazzo (Pharoah Sanders, Partisans) and young in demand American bassist Will Sach (Joe Webb, Tom Ollendorff).

Córas Trio
Is iad Córas Trio Kevin McCullagh (fidil, uirlisí leictreonacha), Paddy McKeown (giotár, uirlisí leictreonacha) agus Conor McAuley (drumaí). Athcheapann siad an t-uathspreagadh as an nua. Fíonn séiseanna traidisiúnta isteach agus amach as uigeachtaí fíorspéisiúla a chuireann béim ar fhidil, giotár agus drumaí le ceol leictreonach as pabhar; ag crochadh gnéithe den chomh-thobchumadóireacht shaor le spórt ceart a bhíonn i seisiún. Is cuid de ghluaiseacht nua chruthaitheach de cheoltóirí iad atá lonnaithe i mBéal Feirste, ag fiosrú cad é mar a bhaineann an ceol traidisiúnta le heispéireas an 21ú haois. Tugann siad dúshlán smaointe íonaíochais chultúrtha, agus clúdaíonn siad línte an chleachtais chomhaimseartha ceoil, gan scáth ná faitíos orthu agus iad neamhleithscéalach agus iad ag fiosrú smaointe nua.
___

Córas Trio are Kevin McCullagh (fiddle, electronics), Paddy McKeown (guitar, electronics) and Conor McAuley (drums). They reinvent the spontaneous. Traditional melodies weave in and out of compelling textures that foreground fiddle, guitar and percussion with transcendental electronics; suspending elements of collective free improvisation with proper seisiún-style playfulness. They are part of a new creative wave of musicians based in Belfast exploring how traditional music relates to the experience of the 21st century. Challenging ideas of cultural purism, they sweep the lines of contemporary musical practice, unafraid and unapologetic in their exploration of new ideas.

Key Info
  • 27 January 2025
  • 19:00
  • Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James' Street, Derry, Derry, BT48 7DF
Book Tickets


Want to know more about what is happening in the council area?

Enter your email address and get them direct to your inbox