Skip to main content

What’s on

IMBOLC Unsigned (Corner Shop Prophets, Dander, Eve Belle, Pilosa, Scol)

Date: 30 January 2025

Venue: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James' Street, Derry, Derry, BT48 7DF

Tá IMBOLC Gan Síniú tiomnaithe do bhuanna na gceoltóirí óga agus na gceoltóirí atá ag teacht chun cin a chur ar taispeáint, ag cur ardán luachmhar ar fail dóibh lucht éisteachta níos leithne a bhaint amach agus a rian a fhágáil ar shaol an cheoil. ___ IMBOLC Unsigned is dedicated to showcasing the talent of young and emerging musicians, providing them with a valuable platform to reach broader audiences and make their mark in the music world.

Tá IMBOLC Gan Síniú tiomnaithe do bhuanna na gceoltóirí óga agus na gceoltóirí atá ag teacht chun cin a chur ar taispeáint, ag cur ardán luachmhar ar fail dóibh lucht éisteachta níos leithne a bhaint amach agus a rian a fhágáil ar shaol an cheoil. Cuireann an tionscnamh seo tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d'ealaíontóirí ag tús a ngairmré cheoil, ag cuidiú muinín a thógáil, a scileanna a fhorbairt, agus poiblíocht a fháil i suíomh fáilteach beoga.

Tarraingíonn an clár aird ar thiomantas IMBOLC don chruthaitheacht a chothú agus an chéad ghlúin eile de thaibheoirí a thabhairt chun cinn. Trí raon ilghnéitheach de cheoltóirí nua a chur i láthair, cuireann IMBOLC Gan Síniú ar fáil deis d'ealaíontóirí nascadh le lucht éisteachta nua, a bpaisean don cheol a chomhroinnt agus a láithreacht stáitse a bheachtú.

Corner Shop Prophets
Is buíon ilghnéitheach de cheoltóirí gairmiúla iad Corner Shop Prophets a raibh leithscéal de dhíth orthu cúpla amhrán a chasadh nach n-iarrtar ag seisiúin oíche Dé Sathairn. Tarraingítear tionchair ó gach treo – ó cheol tuaithe traidisiúnta go Americana agus an punc-rac. Ní bheidh a fhios agat riamh cad é a gheobhaidh tú ach taitneoidh sé leat i gcónaí!

Dander
Is banna ceoil indie cóngarach do cheol na ndaoine atá lonnaithe i nDoire, a bhfuil Kevin Brown agus Jenny Hughes chun tosaigh ann. Cuimsíonn a stíl popcheol aislingeach, ceol dlúthphearsanta acústach tíre/tuaithe; ag tarraingt tionchair ó ealaíontóirí amhail Bright Eyes, Sufjan Stevens, Fionn Regan agus Nick Drake, ach le tionchar Éireannach a bhíonn ann i gcónaí, ag díriú ar shéiseanna gutha agus liriciúlacht.

Sheinn Dander ag féilte, lena n-áirítear Féile Aschuir i mBéal Feirste, Féile Bhalla na Gáslainne, Féile Mhuirí Bhéal Feirste agus Féile na Long Ard, Seisiúin an Atlantaigh i bPort Rois, agus tá a gcéad albam ar na bacáin go luath in 2025.

Eve Belle
Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán dátheangach í Eve Belle ó Dhún na nGall, atá ina cónaí anois i mBéal Feirste. Scríobhann sí agus gabhann sí ceol i nGaeilge agus i mBéarla, le liricí a fhiosraíonn an grá rómánsúil agus platónach, meabhairghalar agus inscne. I rith a gairme beatha thacaigh sí le grúpaí agus ceoltóirí mar Hozier, Frightened Rabbit agus Mick Flannery. Ina dara ceirnín leathfhada neamhspleách, 'Sad City, Baby!', ríomhtar a haistear trí neamhspleáchas ceoil, an grá agus an caillteanas, i gceo leathdháiríre a bhfuil Americana ina orlaí fríd.

Pilosa
Is tionscadal sícideileach rac-cheoil é PILOSA a bhfuil insint uileghabhálach aige a bhfuiltear ag obair air le ceithre bliana anuas. Is síneadh ar an insint seo gach albam agus singil, suite i dtír ina bhfuil spadáin agus alpairí seangán ró-éabhlóidithe, tá an bhanríocht Pilosa faoi réir streachailtí móra cumhachta agus díospóireacht fealsúnachta. Is iad 4 bhall an bhanna, atá lonnaithe i nDoire, James Tomlinson, an comhamhránaí agus ag giotáraí rithime, Rosa Walsh, comhamhránaí agus dordghiotáraí, Ryan Holmes ar dhrumaí agus Jack Quigg ar an phríomhghiotár, a sheachadann an insint seo ar stáitse agus sa stiúideo. Anois ag obair ar an dara halbam dóibh, comhroinneann an banna a mbuanna cumadóireachta le huigeachtaí sonacha osnádúrtha agus athshamhlú iomlán ar bhuntréithe shaol an lae inniu a sheachadadh trí lionsaí carachtar aisteach agus léirithe drámatúla osréalacha den chaipitleachas monaplachta.


Scol
Tá Scol ann idir fallaingeacha a dtionchar, agus tá curtha ina leith go bhfuil a bhfuaim cosúil le:
"Túirne ama; d'fhuaimeanna idir shean agus nua."

Chuir Scol síos orthu féin mar "leanbh naofa, chomh caoin agus séimh."
___


IMBOLC Unsigned is dedicated to showcasing the talent of young and emerging musicians, providing them with a valuable platform to reach broader audiences and make their mark in the music world. This initiative offers vital support to artists at the beginning of their performing careers, helping to build confidence, develop their skills, and gain exposure in a welcoming and vibrant setting.

The programme highlights IMBOLC's commitment to fostering creativity and nurturing the next generation of performers. By featuring a diverse range of up-and-coming talent, IMBOLC Unsigned provides an opportunity for artists to connect with new audiences, share their passion for music, and refine their stage presence.

Corner Shop Prophets
Corner Shop Prophets is a ragtag bunch of professional musicians who needed the excuse to play a few songs that aren't requested during the usual Saturday night sessions. Influences are pulled from every direction - from traditional country to Americana and punk rock. You never know what you're getting but you'll always like it!

Dander
Dander is a 6 piece folk-adjacent indie band based in Derry and fronted by Kevin Brown and Jenny Hughes. Their style ranges from dreamy guitar pop to intimate, acoustic folk/country; drawing influence from artists such as Bright Eyes, Sufjan Stevens, Fionn Regan and Nick Drake, but with an ever-present Irish influence and a focus on vocal harmonies and lyricism.

Dander have performed at festivals including The Output Festival in Belfast, the Gasyard Wall Féile, the Belfast Maritime Festival and Tall Ships Festival, the Atlantic Sessions in Portrush, and have a debut album in the works for early 2025.

Eve Belle
Eve Belle is a bilingual singer-songwriter from Donegal, now based in Belfast. She writes and performs in Irish and English, with lyrics exploring romantic and platonic love, mental illness, and gender. Across her career, she has supported acts including Hozier, Frightened Rabbit and Mick Flannery. Eve's sophomore independent EP, 'Sad City, Baby!' chronicles her journey through musical independence, love and loss, in a tongue-in-cheek, Americana-infused haze.

PILOSA
PILOSA is a Psychedelic rock project with an overarching narrative which has been in the works for four years. Every album and single is an extension of this narrative, set in a land of over-evolved sloths and anteaters, the Pilosa queendom is subject to great power struggles and philosophical debate. This narrative is delivered on stage and in the studio by the Derry-based bands 4 members, James Tomlinson, co-singer and rhythm guitarist, Rosa Walsh co-singer and bassist, Ryan Holmes on drums and Jack Quigg on lead guitar. Now working on their sophomore album, the band share their compositional talents to deliver otherworldly sonic textures and a complete reimagining of the fundamental properties of modern life through the lenses of quirky characters and dramatic surrealist depictions of monopoly capitalism.

Scol
Scol exist between the veils of their influences, and have been accused of sounding like:
"A spinning wheel of time; of sounds old and new."
Scol have been self described as "A Holy infant, so tender and mild."

Conán (Dander, RUÁ), Steamy (Tramp, Foreign Owl, George Houston), Liam (Tomcat, Delta Fuse), Ryan.

Key Info
  • 30 January 2025
  • 19:00
  • Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Great James' Street, Derry, Derry, BT48 7DF
Book Tickets


Want to know more about what is happening in the council area?

Enter your email address and get them direct to your inbox