Skip to main content

News

‘Caint & Ceol’ – Talk and workshop based on the traditional music of the Irish language to celebrate

25 August 2023

As part of the programme of events for Culture Night 2023, Derry City and Strabane District Council will host ‘Caint agus Ceol’; an interactive talk and singing workshop with Michelle Nic Pháidín based on the traditional sean-nós music and musicians of Ulster.

Michelle lives in Derrybeg in Donegal and she is a renowned and well known journalist and writer who is currently working with the Donegal Democrat. She is also a past winner of Corn Mháire Nic Dhonnchadha at the Oireachtas and she also regularly sings at Fleadh Cheoil na hÉireann.

Speaking ahead of the event, Irish Language Officer with Derry City and Strabane District Council – Erin Hamilton said: “We’re delighted that Michelle Nic Pháidín will be with us in the Guildhall in Derry on Culture Night for this wonderful event that will give the audience an amazing insight into the traditional sean-nós music and musicians of Ulster.  Demand for this dual-language event will be high, so I would encourage anyone interested in attending to book early.”

This is one of a number of events being organised by the Council to celebrate Culture Night 2023. View the full programme at: www.derrystrabane.com/culturenight

To book please email [email protected]

Further information: Irish Language Officer, Derry City and Strabane District Council, Irish Language Line: 028 71 376 579, [email protected]

www.derrystrabane.com/gaeilge

 

‘Caint & Ceol’ – Caint agus ceardlann ar cheoil traidisiúnta na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir 2023

 

Mar chuid de chlár imeachtaí Oíche Chultúir 2023, tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag eagrú ‘Caint agus Ceol’; caint idirghníomhach agus ceardlann amhránaíochta le Michelle Nic Pháidín bunaithe ar cheol agus ceoltóirí Uladh ar an sean-nós.

Tá Michelle ina cónaí sna Doirí Beaga agus tá clú uirthi mar iriseoir agus scríbhneoir den scoth agus í ag obair leis an Donegal Democrat faoi láthair.  Is iarbhuaiteoir Chorn Mháire Nic Dhonnchadha í ag an Oireachtas agus bíonn sí ag ceol ag Fleadh Cheoil na hÉireann chomh maith.

Dúirt Erin Hamilton, an tOifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: “Tá muid thar a bheith sásta go mbeidh Michelle Nic Pháidín linn i Halla na Cathrach ar Oíche Chultúir don imeacht iontach seo a thabharfaidh léargas thar cionn don lucht éisteachta ar cheol agus cheoltóirí Uladh. Beidh ráchairt mhór ar an imeacht dátheangach seo, mar sin mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh freastal air áit a chur in áirithe go luath”.

Le tacaíocht ón Oireachtas.

Seo imeacht amháin ar chlár lán imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir 2023. Clár iomlán na féile ar fáil ag: www.derrystrabane.com/culturenight

Cláraigh trí ríomhphost a chur chuig: [email protected]

Tuilleadh Eolais: Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Líne Ghaeilge: 028 71 376 579, [email protected]

www.derrystrabane.com/gaeilge

Want to know more about what is happening in the council area?

Enter your email address and get them direct to your inbox