Acclaimed writer Michelle Nic Pháidín to deliver Strabane Irish Language Event
6 March 2025

Strabane's Irish language enthusiasts will have a unique opportunity to immerse themselves in literature during Seachtain na Gaeilge, with a special evening featuring acclaimed journalist Michelle Nic Pháidín at the Alley Theatre on March 11th.
The free event, part of Derry City and Strabane District Council's annual Seachtain na Gaeilge’ programme, will showcase readings from Michelle Nic Pháidín's critically acclaimed short story collection ‘Súile Éisc agus Scéalta Eile’.
"We are delighted to offer an event entirely in Irish that invites fluent speakers to engage directly with a remarkable author," said Erin Hamilton from the Council's Languages Team. "Attendees will have the opportunity to explore the themes of Michelle's stories, ask questions, and connect with fellow Irish language enthusiasts."
The event is scheduled for March 11th at 6.30pm in the Alley Theatre. It is designed for fluent Irish language speakers, offering a unique opportunity to experience literature in its native tongue. The evening will be conducted entirely in Irish, providing a rich, immersive experience for the audience.
Admission is free, but booking is essential. Attendees will enjoy light refreshments at the start of the event, creating a welcoming atmosphere for conversation and cultural exchange.
To reserve a place please email [email protected]. Those seeking more information about this event or other Seachtain na Gaeilge activities can contact the council's Irish language team through the same email address.
____________________________________________________________________________________________________________________________
An scríbhneoir clúiteach Michelle Nic Pháidín le hImeacht Gaeilge a chur ar fáil do phobal an tSratha Báin
Beidh deis ar leith ag Gaeilgeoirí an tSratha Báin iad féin a thumadh sa litríocht le linn Sheachtain na Gaeilge, le tráthnóna speisialta leis an iriseoir aitheanta Michelle Nic Pháidín in Amharclann na Caolsráide ar an 11 Márta.
Seo imeacht saor in aisce, atá á eagrú mar chuid de chlár bliantúil Sheachtain na Gaeilge de chuid Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus beidh deis ag an lucht éisteachta sult a bhaint as léamha ó chnuasach gearrscéalta Michelle Nic Pháidín, dar teideal ‘Súile Éisc agus Scéalta Eile’.
“Tá lúcháir orainn an t-imeacht uathúil seo a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge le deis a thabhairt do phobal na Gaeilge dul i dtaithí ar shaothar an údair” a dúirt Erin Hamilton ó Fhoireann Teangacha na Comhairle. “Beidh deis ag an lucht éisteachta na téamaí éágsúla a thaiscéaltar i scéalta Mhichelle a fhiosrú, ceisteanna a chur, agus nascadh le cainteoirí Gaeilge eile ar an oíche”
Tá an t-imeacht ag tarlú ar an 11ú Márta ar 6.30pm in Amharclann na Caolsráide. Tá sé foirfe do chainteoirí atá líofa sa Ghaeilge agus tabharfaidh sé deis uathúil dóibh dul i dtaithí ar litríocht nuascríofa ina dteanga dhúchais. Beidh an oíche á stiúradh go hiomlán trí mheán na Gaeilge, rud a thabharfaidh deis don lucht éisteachta tumadh isteach i litríocht na Gaeilge.
Tá an t-imeacht saor in aisce ach ní mór duit d’áit a chur in áirithe. Cuirfear sólaistí ar fáil ag tús an imeachta, agus cruthóidh seo atmaisféar fáilteach le haghaidh comhrá agus malartú cultúrtha. Le áit a chur in áirithe seol ríomhphost chuig: [email protected]. Is féidir leo siúd atá ag lorg tuilleadh eolais faoin imeacht seo nó faoi imeachtaí eile Sheachtain na Gaeilge dul i dteagmháil le foireann Ghaeilge na comhairle tríd an seoladh ríomhphoist céanna.